James 3:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh má bhíonn séarbhus tnútha agus brosdughadh feirge aguibh an bhur gcroidhthibh, ná déunuidh mórdháil, ná bréug a naghuidh na fírinne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má bhíonn searbh‐éada agus mian aighnis ’n‐bhur gcroidhe, ná bidhidh ag maoidheamh as, agus ná bidhidh ag labhairt bréige i n‐aghaidh na fírinne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach má tá searbh-éad agus uaill-mhian in bhur gcroíthe, ná bígí ag maíomh as agus ag fealladh ar an bhfírinne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian doicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian dhoicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne.