James 3:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch mar an gcéudna na longa, bíodh go bhfuilid ro mhór, agus go ngluáisdear íad ré gáothuibh garbha, fós iompoighthear íad fá gcuáirt ré sdíuir ro bhig, gidh bé ar bith árd a dtogrann fear na sdiúire.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar an gcéadna do na longaibh, agus iad chómh mór sin, d’á dtiomáint rómpa ag gaothaibh garbha, tiontuightear iad le stiúir an‐bhigh, do réir tola an stiúrthóra.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dearcaigí freisin ar na longa; dá mhéad is atá siad agus dá láidreacht iad na gaotha a thiomáineas iad, bítear á dtreorú le stiúir bheag bhídeach cibé slí is toil leis an bpiolóta a ndíríú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tóg na báid féin, dá mhéid iad, agus fiú má bhíonn siad á séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tóg na báid féin, dá mhéad iad, agus fiú má bhíonn siad dá séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é.