James 3:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus as teine an teanguidh, domhan na héugcora: as mar sin atá an teanguidh ar na suígheadh a measg arm ball, go salchann an corp uile, agus go gcuireann air lasadh sdaid ar mbeatha ó gheintear sinn; agus is ó ifrion lastar í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is teine an teanga: domhan na h‐éagcóra atá suidhte i measc ár mball is eadh an teanga, ag salú an chuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoghail tré theinidh, agus í d’á lasadh féin ó ifreann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is tine í an teanga; is í an domhan éagórach í i mease na mball a shalaíos an corp uile, agus a chuireas le tine a bhfuil faoi rothaí na gréine, agus í á fadú ó ifreann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur chúrsa an tsaoil trí thine, agus Ifreann dá cur ar lasadh.