James 4:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná lábhruidh go holc ar a chéile, a dhearbhráithre. An tí lábhrus go holc a dhearbhráthair, agus an tí dhamnuigheas a dhearbhráthair, lábhruigh sé go holc ar an réachd, agus damnuighe sé an reachd: agus má dhamnuigheann tú an reachd, ní fear coimhlíonta an réachda thú, achd breitheamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná cáinidh a chéile, a bhráithre. An té cháineas a bhráthair, nó do‐bheir breith ar a bhráthair, cáineann sé an dlighe agus do‐bheir sé breith ar an dlighe: acht má bheireann tú breith ar an dlighe, ní duine umhluigheas do’n dlighe thú, acht is breitheamh thú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná cáinigí a chéile, a bhráithre. An té a cháineas bráthair nó a dhaoras a bhráthair, cáineann sé an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní bhíonn tú ag cur an dlí i bhfeidhm ach ag tabhairt breithiúnais air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní dá chomh-líonadh a bhíonn tú ach dá dhaoradh.