James 4:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Súd chuige, sibh a nois a dhream a deir, Racham a niúgh nó a márach dhá samhail so do chathruigh, agus do dhéunam comhnuighe innte feadh blíadhna, agus bíam ag reíc agus ag ceannach, agus ag fagháil eudála:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féacaidh i leith, sibh‐se adeir, Rachaimíd indiu nó i mbárach isteach ’n‐a leithéid sin de chathair, agus caithfimíd bliadhain innti, agus déanfaimíd tráchtáil, agus gheobhaimíd brabach:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Seo anois, a ghiollaí úd a bhíos á rá, “Beidh a leithéid de bhaile tugtha againn orainn féin inniu nó amárach, agus caithfimid bliain ann ag díol agus ag ceannach earraí agus ag gnóthú airgid”;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féachaigí anseo sibhse a deir: «Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Féachaigí anseo sibh-se a deir: “Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.”