James 4:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós gan a fhios aguibh créd é bhur ccor a márach. Oír créd lér cosmhuil bhur mbeatha? Ré gal bhíos ré fhaicsin, ar feadh tamuill, agus na dhiaigh sin théid air neimhní.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus gan a fhios agaibh créad atá i ndán daoibh i mbárach. Óir cad é bhur saoghal? Is scamall sibh, bhíos le feicsin ar feadh tamaill, agus théid as annsin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus sibh in ainbhios cad é a tharlós amárach. Cad í an bhrí í bhur mbeatha? Gan ionaibh ach ceo a thagas ar amharc seal tamaill agus a théas as an amharc.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.