James 4:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh do bheir úadha grása ní sa mhó. Uime sin a deir sé, Cuiridh Día a naghuidh na nuáibhreach, achd do bheir grása do númhal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht is móide do‐bheir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinnibh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is móide a thugas sé grásta; dá bhrí sin dúradh, “Cuireann Dia in éadan lucht an uabhair, ach tugann sé grásta don dream uiríseal”.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: «Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”