James 4:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Druididh le Dia, agus druidfidh seisean libh. Nighidh bhur lámha, a pheacacha, agus glanaidh bhur gcroidheacha go h‐iomlán, a lucht an dá chómhairle.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dlúthaígí le Dia agus dlúthóidh sé libh. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroíthe, a dhaoine atá idir dhá intinn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n-aigne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibh-se atá ag cogadh le bhur n-aigne.