James 5:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, measmaóid gur beannuigh an drong bheir fúlang úatha. Do chúalabhair teachd air fhoighid Iób, agus do chonnairc sibh críoch an Tíghearna; oír atá an Tíghearna lán do thruáighe, agus do thrócaire.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féach, measaimíd gur ab aoibhinn do na daoinibh d’fhulaing go foighdeach. Do chualabhar i dtaobh foidhne lóib, agus do chonnacabhar an chríoch do chuir an Tighearna air; óir atá an Tighearna lán de thruaigh agus de thrócaire.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Féachaigí nach ndeirimid gur beannaithe iad lucht na foighne? Chuala sibh trácht ar fhadfhulaingt Ióib, agus chonaic sibh cad é mar chuir an Tiarna i gcrích é, mar is truachroíoch trócaireach é an Tiarna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.