James 5:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus roimh na huile neitheibh, a dheabhráithre, ná tabhruidh mionna, mar atá neamh, ná talamh, na mionna ar bith eile: achd go madh bé bhur gcomhrádh aseadh, aseadh; agus ní headh, ní headh; deagla tuiteam dhíbh a ndamnughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht thar gach nidh, a bhráithre, ná tabhraidh mionn ar bith, ag dearbhú ar neamh, nó ar thalamh, nó ar aon nidh eile: acht abraidh, Is eadh, amháin, nó, Ní h‐eadh, le fíre, gan tuilleadh do rádh, ar eagla go dtuitfeadh sibh fá bhreitheamhnas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach thar rud ar bith eile, a bhráithre, seachnaígí na mionnaí móra, agus ná tugaigí neamh ná talamh ná mionn ar bith eile, ná bíodh de dhearbhú agaibh ach is ea ná de shéanadh agaibh ach ní hea, le leisce breith dhaortha a tharraingt oraibh féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn «sea» le rá agaibh, abraigí «sea,» agus «ní hea» nuair is «ní hea,» ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “is ea” le rá agaibh, abraigí “is ea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfaidh an daorbhreith oraibh.