James 5:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá bhur nór agus bhur náirgead ar nglacadh meirge; agus biáidh a meirg na fíadhnuise bhur naghuidh, agus cnaóifidh sí bhur bhfeóil mar theine. Do rinneabhair cisde fá chómhair ná laétheadh ndeigheanach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá bhur gcuid óir agus airgid meirgeach, agus béidh a meirg mar fhiadhnaise ’n‐bhur n‐aghaidh, agus cnaoidhfidh sí bhur bhfeoil mar dhéanfadh teine. Atá bhur n‐ionmhas curtha i dtaisce agaibh ins na laethibh deireannacha so.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig meirg ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh a meirgsean ina bhfianaise in bhur n-éadan agus bhur bhfeoil á creimeadh aici mar thine. Is sibh a chruinnigh stór le haghaidh na laethanta déanacha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n-aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine. Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha!
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)