James 5:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, atá túarásdal an luch oibre do bhean bhur nguirt, do chunnaimh sibh úatha tre hengcóir, ag éighmhe: agus do chuádar éighmhe an luchd búana a steach a gclúasaibh Tíghearna na slógh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féach, tuarastal bhur sclábhaidhte do bhain bhur nguirt, atá d’á chongbháil siar agaibh san éagcóir, atá sé ag eagnach os árd, agus tháinig casaoid na mbuanaidhe go cluasaibh Thighearna na sluaigheadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Seo tuarastal na n-oibrithe a rinne fómhar bhur bhfearann a choinnigh sibh siar uathu atá ag tógáil éimh in bhur n-éadan; agus tháinig éamh na mbuanaithe i gcluasa Thiarna na slua.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féach, tuarastal na n-oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Féach, tuarastal na n-oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.