James 5:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a dhearbhráithre, bíghidh foighideach, go teachd an Tíghearna. Féuch, bí an treabhach ag fuireach re toradh mórluáidh na talmhan, agus fanuidh sé ris maille ré foíghid, nó go bhfaghann sé fearthuin na maiden agus an tráthnóna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Bidhidh foighdeach d’á bhrigh sin, a bhráithre, go teacht an Tighearna. Féach, bíonn an scológ ag fanamhain le toradh luachmhar na talmhan, agus é go foighdeach ’n‐a thaobh, nó go bhfaighidh sé fearthainn an earraigh agus fearthainn an fhóghmhair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíodh foighne oraibh mar sin, a bhráithre, go dtí teacht an Tiarna. Siúd é an feirmeoir ag fanacht le toradh thoice an talaimh, agus bíonn sé go foighneach faoi go bhfaighe sé an séasúr báistí is luaithe agus is moille.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)