James 5:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná bíghidh ag gnúsuchduigh ar a chéile, a dhearbhráithre, deagla bhur ndamnuighthe: féuch, atá an breitheamh na sheasamh ag an doras.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná bidhidh ag cannrán i n‐aghaidh a chéile, a bhráithre, chum nach dtiubharfar breitheamhnas oraibh: féach, atá an breitheamh ’n‐a sheasamh ag an doras.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná bígi ag clamhsán faoina chéile, a bhráithre, ar eagla breithiúnas a tharraingt oraibh féin; bʼshiúd é an breitheamh ina sheasamh ag an doras.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.