Jeremiah 1:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír, féuch, do rinne mé dhíot a niugh cathair dhaingean, agus posta íarruinn, agus balladha práis a naghaidh na tíre go hiomlán, a naghaidh ríghthe Iúdah, a naghaidh a prionnsadh, a naghaidh a sagart, agus a naghaidh dhaóine na tíre.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniu cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práis in aghaidh na tíre seo go hiomlán, in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí, a sagart agus mhuintir na tíre.