Jeremiah 11:8 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh níor úmhluigheadar, ní mó do chláonadar a cclúas, acht do shiúbhail gach aon díobh a smuáineamh a ndrochchroidhe féin: uimesin do bhéara mé orra uile bhríathra an chunnarthaso, noch daithin mé do dhéanamh; acht ní dheárnadar íad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach níor umhlaigh siad, níor thug dom cluas; shiúil gach aon díobh i gcomhairle a dhrochchroí féin. Ar an ábhar sin chomhlíon mé ina gcoinne briathra uile an chonartha seo a d' ordaigh mé dóibh a dhéanamh, ach nach ndearna siad.»