Jeremiah 13:21 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cred a déara tú a nuáir bhéarus sé pionús duit? (óir do mhúin tú dhóibh bheith na ccaiptínibh, agus mar úachtaránuibh ós do chionn:) nach géabha brón thú, amhuil bean re niodhnuibh?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?