Jeremiah 14:10 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Is marso a deir an TIGHEARNA ris an muinntirsi, Marso do ghrádhuigheadar dul ar seachrán, níor chongmhadar ar ais a ccosa, uimesin ní ghabhann an TIGHEARNA chuige íad; cuimhneochuidh sé anois a lochta, agus fiosrochuidh sé a bpeacuidhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: «Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!» Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.