Jeremiah 14:16 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus teilgfighear amach a sráidibh Ierusalem an drong dá ndéanaid síad fáidhéadóireacht do bhrigh na gorta agus an chloidhimh; agus ní bhfuighid síad duine adhlacus íad féin, a mná, nó a mic, nó a ningheana: óir dóirtfidh misi a nolc féin orra.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n-adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n-iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n-olc féin.