Jeremiah 21:7 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus na dhiáigh sin, a deir an TIGHEARNA, seachóduigh mé Sedeciah rígh Iúdah, agus a sheirbhísigh, agus na daoine, agus an mhéid do fágbhadh annsa chathruighsi ón bpláigh, ón cclóidheamh, agus ón ghorta, a láimh Nebuchad‐ressar rígh na Babilóine, agus a láimh a námhad, agus a láimh na ndaóine íarras a mbás: agus buáilfidh sé íad le fáobhar an chloidhimh; ní choigeoluidh sé íad, ní mó bhías truáighe, nó trócaire aige dhóibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ina dhiaidh sin an Tiarna a labhraíonn tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.'