Jeremiah 23:2 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel a naghaidh na náodhaireadh bhíathas mo phobal; Do scababhair mo thréud, agus do dhíbreabhair seachad íad, agus níor fhiosruigheabhair íad: féuch, digheola misi oruibhsi uilc bhur ngníomh, a deir an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n-aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha an Tiarna a labhraíonn.