Jeremiah 26:10 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A nuáir do chúaladar prionnsadha Iúdah na neithesi, annsin thangadar súas ó thigh an rígh go tigh an TIGHEARNA, agus do shuigheadar síos a ndul a steach an gheata núaidh thighe an THIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna.