Jeremiah 26:15 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht bíodh a fhios aguibh go dearbhtha, má chuirthí misi chum báis, go ttiubharthaói go deimhin fuil neimhchiontach oruibh féin, agus air an ccathruighsi, agus air a háitreabhthachaibh: óir go fírinnioch do chuir an TIGHEARNA misi chuguibh do labhairt na mbríatharso uile ann bhur cclúasaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.»