Jeremiah 26:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is marso a dear an TIGHEARNA, Seas a ccúirt thighe an TIGHEARNA, agus labhair ré huile chaithreachaibh Iúdah, noch thig go tigh an TIGHEARNA dadhradh, na huile bhríathra aitheonus misi dhíot do labhairt ríu; na laghduigh áon fhocal.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Seo mar a deir an Tiarna: 'Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d' ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.