Jeremiah 29:32 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, digheola mé ar Shemaiah an Nehelamiteach, agus air a shliochd na dhiáigh: ní bhiáidh duine aige áitreobhus a measc na ndaóinesi; ní mó chífidh sé an mhaith do dhéana mé air mo phobal, a deir an TIGHEARNA; do bhrígh gur theagaisg sé cogadh a nagaidh an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ar an ábhar sin a deir an Tiarna gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal an Tiarna a labhraíonn de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.'»