Jeremiah 3:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ A dubhairt an TIGHEARNA mar an ccéadna riomsa a láethibh Iosiah an rígh, An bhfaca tú an ní sin do rinne Israel míochoinghiollach? do chuáidh sí súas ar gach aon tslíabh ard agus faói gach aon chrann glas, agus annsin do rinne sí meirdreachus.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: «An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d' imir ansin an striapach?