Jeremiah 30:10 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Uimesin ná bíodh eagla ortsa, mo sheirbhíseach Iácob, a deir an TIGHEARNA; agus ná mímhisnigh, ó Israel: óir, féuch, tárthocha misi thú a himchéin, agus do shliochd ó thír a ndaóirse; agus fillfidh Iácob, agus biáidh a súaimhneas, agus a socamhul, agus ní chuirfe aóinneach eagla air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, an Tiarna a labhraíonn Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.