Jeremiah 31:10 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Eistigh bríathar an TIGHEARNA, sibhsi a chineadhacha, agus innisigh é annsna hoiléanuibh imchíana, agus abraidh, An té do dhíothscaóil Israel cruinneochuidh sé é, agus cuimhdeochuidh é, amhuil mar do ní an táodhaire a thréad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ' An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.'