Jeremiah 32:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus thug mé scríbhinn na ceannuigheachda do Bharuch mhac Neriah, mhic Maaseiah, a radharc Hanameel mac dearbhrathar mo athar, agus a lathair na bhtíaghan do scríobh a leabhar na ceannuigheachda, a lathair na Níuduigheadh uile do shuigh a ccúirt an phríosúin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus thug mé scríbhinn an cheannaithe do Bharúch mac Néiria, mac Mhásaeiá, i radharc Hanamael, mo chol ceathrar, i radharc na bhfinnéithe a shínigh an scríbhinn cheannaithe agus na nGiúdach uile a tharla a bheith i gCúirt an Gharda san am.