Jeremiah 32:44 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ceinneochuid daóine machaireadha ar airgiod, agus scriobhthuid leabhar, agus cuirfid séala, agus glacfuid fíadhna a ttír Bheniamin, agus ánnsna háitibh tímchioll Ierusalem, agus a ccaithreachaibh Iúdah, agus a ccaithreachaibh na slíabh, agus a ccaithreachaibh an ghleanna, agus a ccaithreachaibh an deisceirt: óir do bhéara misi air a mbraighdionus filleadh, a deir an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad is é an Tiarna a labhraíonn.'»