Jeremiah 32:8 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Marsin tháinic Hanameel mac dearbhrathar mo athar chugamsa a ccúirt an phríosúin do réir bhréithre an TIGHEARNA, agus a dúbhairt sé riom, Guidhim thú, ceannaigh mo mhachaire, noch atá ann Anatot, noch atá á ttír Bheniamin: óir is leachd ceart a oighreachta, agus is leachd a fhuascladh; ceannuigh dhuit féin é. Annsin daithin mé gur bí sin bríathar an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: 'Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.' Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna.