Jeremiah 37:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do bhí sé a ngeata Bheníamin, do bhí caiptín an ghárda annsin, dár budh ainm Iriiah mhac Selemiah, mhic Hananiah; agus do ghlac sé an fáigh Ieremiah, gha rádh, Atá tú ag dul do thaóibh na Ccaldeanach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí sé i nGeata Bhiniáimin nuair a thóg fear faire ansin darb ainm Iríá mac Shealaimiá, mac Hanainiá, Irimia fáidh i láimh. «Tá tú ag dul do thaobh na gCaildéach,» ar sé.