Jeremiah 38:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin do ghlacadar Ieremiah, agus do theilgiodar a ccarcair Mhalchiah mhic Hammelech é, noch do bhí a ccúirt an phriosúin: agús do léigiodar Ieremiah síos lé córduibh. Agus ní raibh uisce ar bith annsa ccarcuir, achd lábán: marsin do chuáidh Ieremiah faói annsa lábán.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.