Jeremiah 4:30 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus cred do dhéana tú, an tan bhías tú creachta? Bíodh go néaduighionn tú thú féin le crimson, bíodh go ndeasuigheann tú thú féin lé séuduibh órdha, bíodh go réabann tú héadan lé piontáil, is go díomhaóin do dhéana tú thú féin sgíamhach; dísbeagfuid háos grádha thú, sirfid do bhás.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d' aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.