Jeremiah 40:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An bhríathar tháinic go Ieremiah ón TTIGHEARNA, tar éis Nebusar‐adan caiptín an ghárda do léigion dó imtheacht as Ramah, a nuáir do ghabh sé é, ar mbeith dhó ceangailte a slabhradhuibh a measc gach a rugadh a láimh ó Ierusalem agus ó Iúdah, noch rugadh a láimh don Bhabiloin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An briathar a tháinig go Irimia tar éis do Nabúzaradán, ceannaire an gharda, é a fhuascailt as Rámá; is amhlaidh a thóg seisean amach é agus é ceangailte i slabhra i measc na bpríosúnach as Iarúsailéim agus Iúdá a bhí á mbreith don Bhablóin.