Jeremiah 40:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ánois, féuch, scaoilimse thú a niugh ó na slabhradhuibh noch do bhí air do láimh. Má chítear dhuit féin teacht liom don Bhabilóin, tárr; agus féuchfa misi go maith dhuit: achd muna bhfaicthear dhuit teachd don Bhabilóin, fan: féuch, atá an tír uile romhad: gidh be áit is féarr agus is iomchubhaigh iona bhfaicfighear dhuit dul, éirigh ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féach, scaoilim thú inniu ó na slabhraí atá ar do láimh. Más maith leat teacht liom don Bhablóin, tair; tabharfaidh mise aire duit. Mura maith leat teacht liom don Bhablóin, is cuma. Féach, tá an tír uile romhat, cibé áit is maith leat dul, téirigh ann.