Jeremiah 40:5 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois an fad nar imthigh sé ar ais, a dúbhairt sé, Eirígh ar hais go Gedaliah mhac Ahicam mhic Sephan, noch dá ndearna rígh na Babilóine úachtarán ós cionn uile chaithreach Iúdah, agus déan comhnuidhe iona fhochair a measc an phobail: nó imthigh mar a bhfaicthear dhuit iomchubhaidh dul. Marsin thug caiptín an ghárda biádh agus luáigheacht dó, agus do léig sé dhó imtheacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féadfaidh tú, mar shampla, dul ar ais go Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dá ndearna rí na Bablóine rialtóir ar bhailte Iúdá, agus cónaí a dhéanamh ina fhochair i measc an phobail; nó imeacht leat go dtí do rogha áit.» Ansin thug ceannaire an gharda liúntas bia dó agus bronntanas, agus lig dó imeacht.