Jeremiah 42:20 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do léigeabhair oruibh ann bhur ccroidhthibh, a nuáir do chuireabhair misi chum an TIGHEARNA bhur Ndía, gha rádh, Guidh air ar soinne chum an TIGHEARNA ar Ndía; agus do réir a nuile ní déaras an TIGHEARNA ar Ndía, mairsin innis dúinn, agus do dhéanamne é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: 'Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.'