Jeremiah 43:2 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin do lábhair Asariah mhac Hosaiah, agus Iohanan mhac Careah, agus na daóine uáibhreacha uile, gha rádh re Ieremiah, Lábhraidh tú bréug: ní hé an TIGHEARNA ar Ndía do chuir thú dha rádh, Ná héirigh don Négipt do chomhnuidhe annsin:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: «Thug tú d' éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: 'Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.'