Jeremiah 46:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A naghaídh na Hégipte, a naghaídh shlóigh Phárao‐necho rígh na Hégipte, noch do bhí láimh ré habhuinn Euphrátes ann Carchemis, noch do bhuáil Nebuchadnessar rígh na Babilóine annsa cceathramhadh blíadhain do Iehoiacim mhac Iosiah rígh Iúdah.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an Éigipt: In éadan slua Fhorainn Neaco, rí na hÉigipte, a bhí láimh le habhainn Eofrataes i gCairceimis nuair a bhris Nabúcadnazar rí na Bablóine orthu sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.