Jeremiah 46:28 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná bíodh eagla ort, a Iácob mo sheirbhíseach, a deir an TIGHEARNA: óir atáimsi maille riot; do dhéana mé críochnughadh iomlán do nuile chineadh chum ar theilg mé thú: acht ní cuirfidh mé deireadh iomlán leachdsa, acht smaichteocha mé thú a measardhacht; gidheadh ní fhúigfidh mé thú go hiomlán gan smachtughadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, an Tiarna a labhraíonn óir táimse leat. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú. Ní chuirfidh mé deireadh leatsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.»