Jeremiah 49:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, tiucfa sé amhuil leomhan a níos ó árd Iordan gus a náitreabh neartmhar: acht do bhéara misi air rioth go hobann uáithe: agus cía an duine toghtha, óirdeochus mé ós a cionn? óir cía is cosmhuil riom? agus cía chinnfios a naimsir dhamh? agus cía an tréaduighe sheasfas as mo choinne?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m' éadan.