Jeremiah 50:11 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhrígh go rabhabhair lúathgháireach, do chionn gur gáirdigheabhair, a chreachadóireadha moighreachtasa, do bhrígh go raibh sibh méith amhuil an cholpach ar an bhféur, agus ag géimnigh mar na tairbh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanaigí lúcháir, más áil libh! Beirigí bhur gcaithréim, a chreachadóirí m' oidhreachta! Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach! Déanaigí seitreach ar nós staile!