Jeremiah 51:27 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuiridhsi bratach súas annsa tír, séidigh an stoc a measc na ccineadhach, ullmhuighidh na críocha na haghaídh, goiridh a ccionn a chéile na haghaídh rioghachta Ararat, Minni, agus Aschénas; órduighidh caiptín na haghaídh; tugaidh aír a heachaibh theacht súas amhuil catirpilearuibh garbha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.