Jeremiah 52:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus tárla annsa naomhadh blíadhain dá rioghacht, ansa deachmhadh mí san deachmhadh lá don mhí, go ttáinic Nebuchadressar rígh na Babilóine, é féin agus a shlúagh uile, a naghaidh Ierusalem, agus gur shuighidh sé na hagháidh, agus go ndéarna puirt na haghaidh timchioll fa ccuáirt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall.