Job 1:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus is amhluidh bhí, a núair do thíaghadh láethe a bfleidhe timchioll, go ccuireadh Iób fios orra agus go náomhuigheadh sé íad, agus go néirgheadh sé sa mhoch na maidne, agus go nofráladh sé iodbhartha loisge do réir a nuibhre uile: óir a deireadh Iób, Do bféidir gur pheacnigheádar mo mhic, agus gur mhalluigheadar Día iona gcroidhthibh. Marso do níodh Iób go gnáthach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d' éiríodh sé go moch ar maidin agus d' ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: «Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?» Mar sin a rinne Iób i gcónaí.