Job 42:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus is amhluidh do bhí, tar éis an TIGHEARNA do labhairt na mbríatharso re Iób, go ndubhairt an TIGHEARNA re Heliphas an Temaniteach, Atá mfearg ar naghnadh ad aghaidh, agus a naghaidh do dheise carad: óir nior labhrabhair ormsa an ní fá cóir, mar do labhair mo shearbhfhoghantuigh Iób.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: «Tá fraoch feirge orm i d' aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.