Joel 2:23 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Bíthí meanmnach maseadh, a chlann Sion, agus lúathghairighidh annsa TIGHEARNA bhur Ndía: óir thug sé an cheidfhearthuinn díbh go measardha, agus do bheara sé air an bhfearthuinn teachd a núas chugaibh, an cheidfhearthuinn, agus a nfearthuinn dheighionach annsa chéidhmhí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh ar son an Tiarna, bhur nDia. Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh mar is é is cóir; agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh, fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.