John 1:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhreagair Eóin dóibh, ag rádh, Baisdimsi lé huisge: achd atá na sheasamh an bhur lársa, an té nach aithne dhíbh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhreagair Eoin dóibh, g‐á rádh, Do‐ghním‐se baisteadh i n‐uisce: acht atá ’n‐a sheasamh ’n‐bhúr measc duine nach aithnid daoibh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é freagra a thug Eoin orthu, “Bímse ag baisteadh le huisce; ach tá duine ag seasamh in bhur measc nach aithnid daoibh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug Eoin freagra orthu: «Déanaim féin baisteadh le huisce,» ar seisean, «ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,