John 1:33 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus níor aithin misi é: achd an té do chuir mé do bhaisdeadh lé huisge, as é a dubhairt rium, Gidh bé ar a bhfaicfe tú an Spiorad ag tuirrling, agus ag comhnuighe, sé sin an té bhaisdeas leis an Spiórad Náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus níor aithnigheas‐sa é: acht an té do chuir uaidh mé ag baisteadh le h‐uisce, adubhairt sé liom, An té go bhfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanamhain air, is é sin an té bhaisteas leis an Spiorad Naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níor aithin mé féin é ach is é a dúirt an té a chuir mé a bhaisteadh le huisce liom, ‘An té a bhfeiceann sibh an Spiorad ag tuirlingt air agus ag fanacht aige, is é sin an té a bhaisteas leis an Spiorad Naomh.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: 'An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’